Seolann daa a Scéim Teanga

May 8, 2020

 

An mhí seo seolfaidh daa a Tríú Scéim Teanga.

Seolfaidh daa a tríú scéim teanga an mhí seo ina leanfaidh an chuideachta le próifíl na Gaeilge a chur chun cinn tuilleadh trí leibhéil fheabhsaithe faisnéise agus seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do chustaiméirí agus do bhaill foirne.

Dheimhnigh an tAire Stáit sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an Scéim seo, a ullmhaíodh de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tiocfaidh an Scéim i bhfeidhm an 08 Bealtaine 2020 agus fanfaidh sí i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana ón dáta sin nó go dtí go bhfuil scéim nua deimhnithe, cibé acu is déanaí.

Áirítear leis na seirbhísí feabhsaithe faisnéis ábhartha a chur ar fáil i nGaeilge ar ár láithreáin ghréasáin agus preaseisiúintí dátheangacha a eisiúint nuair is cuí.

Ba mhaith le daa buíochas a ghabháil leo siúd a ghlac páirt in ullmhú na scéime agus as na haighneachtaí a fuarthas tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí.

Is féidir amharc ar an Scéim Teanga iomlán ó daa anseo.