Cabhraí­onn An Méadú Ar An Lí­on Paisinéirí­ Ag Aerfort Bhaile ítha Cliath Le 20,000 Post Nua A Chruthú

May 23, 2017


Chabhraigh an méadú ar an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Bhaile Átha Cliath le beagnach 20,000 post nua a chruthú i ngeilleagar na hÉireann thar na ceithre bliana seo a chuaigh thart, de réir staidéar eacnamaí­och nua.

Maidir leis an lí­on post a dtacaí­onn Aerfort Bhaile Átha Cliath leo nó a n-éascaí­onn an t-aerfort iad, mhéadaigh sé ó 97,400 ceann sa bhliain 2013 go 117,300 anuraidh. Bhí­ sé sin ag teacht leis an bhfás a tháinig ar an lí­on bliantúil paisinéirí­ ag an aerfort le linn na tréimhse céanna, rud a mhéadaigh ó 20.2 milliún duine go 27.9 milliún duine.

De réir an staidéir ó InterVISTAS, comhairleoirí­ eacnamaí­ocha, mhéadaigh an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi 38% thar na ceithre bliana seo a chuaigh thart agus mhéadaigh an luach bliantúil a chuireann an t-aerfort le geilleagar na hÉireann ó €6.9 billiún in aghaidh na bliana go €8.3 billiún in aghaidh na bliana dá bharr sin.

“Imrí­onn Aerfort Bhaile Átha Cliath ról rí­thábhachtach ar fud gheilleagar na hÉireann,” a dúirt Kevin Toland, Prí­omhfheidhmeannach ar daa. “Toisc go gcuireann nascacht mhéadaithe borradh faoin trádáil, faoin turasóireacht agus faoi infheistí­ocht dhí­reach eachtrach i ngach cuid den tí­r, ba ar fud na hÉireann ar fad a cruthaí­odh an 20,000 post breise a tháinig as an bhfás le déanaí­.”

Imrí­onn Aerfort Chorcaí­ mór-ról eacnamaí­och i ndeisceart na tí­re freisin toisc go dtacaí­onn sé le thart ar 11,000 post agus go gcothaí­onn sé gní­omhaí­ocht eacnamaí­och ar fiú €727 milliún í­. Cuirtear arí­s eile leis an ról eacnamaí­och atá ag Aerfort Chorcaí­ toisc go bhfuil sé ar an aerfort is nasctha i bPoblacht na hÉireann lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

“Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Chorcaí­ ar dhá cheann de na pí­osaí­ is tábhachtaí­ bonneagair eacnamaí­och sa Stát, agus méadóidh an cháil atá orthu tuilleadh tar éis an Bhreatimeachta,” dar leis an Uas. Toland. “Bí­mid ag obair go crua chun nascacht a mhéadú ag an dá aerfort chun leas gheilleagar na hÉireann, chun tuilleadh trádála agus infheistí­ochta a ghiniúint agus chun tionscal turasóireachta na hÉireann a fhás arí­s eile.”

Bhí­ an tUas. Toland ag labhairt de réir mar a d’fhógair daa a thorthaí­ airgeadais don bhliain 2016. Bhí­ méadú suntasach ann ar bhrabús an ghrúpa, a oibrí­onn Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Chorcaí­, ar bhrabús ARI, ar gnó miondí­ola taistil domhanda é, agus ar bhrabús daa International.

Mhéadaigh brabús tar éis cánach faoi 75% go €108 milliún anuraidh mar gheall ar an méadú a tháinig ar an lí­on paisinéirí­ sa tí­r seo agus thar lear agus ar an ioncam tráchtála agus mar gheall ar an tionchar a bhí­ ag gnóthais nua a bunaí­odh thar lear.

Mhéadaigh láimhdeachas faoi 17% go €793 milliún – arbh é an figiúr ab airde riamh é – agus tháinig fás láidir ar ghní­omhaí­ochtaí­ aerloingseoireachta agus tráchtála. Bhain an láimhdeachas idirnáisiúnta tairbhe as an tionchar a bhí­ ag na hoibrí­ochtaí­ miondí­ola nua atá ar bun ag ARI sa Nua-Shéalainn agus as an gconradh atá ag daa International chun crí­ochfort nua aerfoirt a bhainistiú san Araib Shádach.

Ba faoi 20% go €247 milliún don bhliain a mhéadaigh tuilleamh roimh ús, cánachas, dí­mheas agus amúchadh. Mhéadaigh costais oibriúcháin faoi 14% go €381 mhilliún mar gheall ar an tionchar a bhí­ ag gnóthais nua a bunaí­odh thar lear agus mar gheall ar chostais na mball foirne breise a earcaí­odh chun freastal ar an lí­on méadaitheach paisinéirí­.

Mhéadaigh an lí­on foriomlán paisinéirí­ ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí­ faoi 11% go 30.1 milliún duine sa bhliain 2016. Ba é sin an lí­on ab airde riamh. B’airde an lí­on paisinéirí­ a chuaigh trí­d an dá aerfort atá á n-oibriú ag daa in Éirinn anuraidh ná an lí­on paisinéirí­ a bhí­ ann nuair a d’oibrigh an chuideachta trí­ aerfort sa tí­r.

Mhéadaigh an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi 11% go 27.9 milliún duine sa bhliain 2016. Arí­s eile, ba é sin an lí­on ab airde riamh. Ceann de na tosca taobh thiar den mhéadú sin ba ea na 19 mbealach nua a tugadh isteach agus an acmhainn a cuireadh le 31 sheirbhí­s a bhí­ ann cheana féin. Bhí­ Aerfort Bhaile Átha Cliath ar an mór-aerfort is gasta fás san Eoraip anuraidh. Mhéadaigh trácht ag an aerfort dhá uair ní­os gasta ná meánfhigiúr na hEorpa.

D’éirigh go geal le hAerfort Chorcaí­ sa bhliain 2016. Mhéadaigh an lí­on paisinéirí­ faoi 8% go 2.2 milliún duine mar gheall ar na sé bhealach nua a tugadh isteach agus mar gheall ar an acmhainn bhreise a soláthraí­odh do dhaoine a bhí­ ag taisteal go cinn scrí­be ghrianmhara agus go roinnt cathracha beaga sa Bhreatain.

Lean an trácht ag an dá aerfort de bheith ag fás sa chéad cheithre mhí­ den bhliain. Mhéadaigh an trácht ag Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi 7% go 8.3 milliún duine agus mhéadaigh an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Chorcaí­ faoi 2% go 602,000 duine. Tabharfaidh Aerfort Chorcaí­ cúig bhealach nua isteach i mbliana, lena n-áireofar an chéad seirbhí­s thrasatlantach dá chuid riamh. Cuirfidh Aerfort Bhaile Átha Cliath 11 bhealach nua ar fáil sa bhliain freisin (féach an tábla thí­os).

Tá brú ann ar réimsí­ áirithe faoi láthair mar thoradh ar an bhfás 38% atá tagtha ar an trácht ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ón mbliain 2013 i leith. Mar sin, bí­onn daa ag infheistiú thart ar €100 milliún gach bliain chun saoráidí­ a chothabháil, a leathnú agus a fheabhsú ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

“Bí­mid ag infheistiú in Aerfort Bhaile Átha Cliath chun tairbhe dár n-aerlí­nte agus dár bpaisinéirí­ araon,” a dúirt an tUas. Toland. “Teastaí­onn uainn tuilleadh seastán páirceála aerárthaí­, tuilleadh limistéar geata bordála agus tuilleadh acmhainn rúidbhealaigh, agus bí­mid ag obair ar gach ceann de na réimsí­ sin. Tá mórchlár cothabhála agus uasghrádaithe ar siúl againn freisin.

Osclófar sí­neadh le limistéar geata bordála Ché 1 ní­os déanaí­ sa mhí­. Osclófar limistéar geata bordála eile laisteas de Chrí­ochfort 2 san fhómhar freisin. “Soláthrófar leis na saoráidí­ nua sin naoi gcinn bhreise de gheataí­ bordála i mbliana. Tá an lí­on sin de bhreis ar na sé gheata nua a cuireadh i mbun seirbhí­se anuraidh,” a dúirt an tUas. Toland freisin.

Tosaí­odh ar an gcéad phacáiste oibreacha tógála don Rúidbhealach Thuaidh nua i mí­ na Nollag anuraidh agus bí­onn dea-dhul chun cinn á dhéanamh ina leith. “Tá an-dul chun cinn déanta againn ar thionscadal an Rúidbhealaigh Thuaidh, rud a bhrúfaidh geilleagar na hÉireann chun cinn sna blianta le teacht.”

An bhliain seo chugainn, cuirfear an conradh soláthair le haghaidh na prí­omhchéime tógála don Rúidbhealach Thuaidh. Tá sé beartaithe an tógáil a chur i gcrí­ch sa bhliain 2021. Tá daa ag iarraidh freisin go gcuirfí­ deireadh le dhá choinní­oll pleanála shriantacha a bhaineann leis an Rúidbhealach Thuaidh.

Bí­onn daa ag infheistiú in Aerfort Chorcaí­ freisin. A bhuí­ le huasghrádú a dhéanfar ar chostas €4 mhilliún, soláthrófar lána nua scagtha slándála, mór-athchóiriú ar chaiféanna agus ar bhialanna an aerfoirt, agus limistéar nua oiliúna dóiteáin.

Ba faoi 11% go €24 mhilliún a mhéadaigh an brabús a tháinig as oibrí­ochtaí­ miondí­ola eachtracha agus as infheistí­ochtaí­ eachtracha ARI sa bhliain 2016. “Bhain ARI tairbhe as fás láidir dí­olacháin ar fud a phunainne ar fad, as an tsárfheidhmí­ocht a bhí­ aige sa Chipir agus as an gcéad bhliain iomlán d’oibrí­ochtaí­ ag a chuid siopaí­ in Auckland,” a dúirt an tUas. Toland.
Ba faoi 5% go 23.5 milliún duine a mhéadaigh an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Dí¼sseldorf le linn na bliana. Tá leas 20% ag ARI san aerfort.

D’éirigh go geal le ARI i roinnt tairiscintí­ sa Mheánoirthear le linn na bliana. Bronnadh lamháltas nua í­octha dleachta air ag Aerfort Idirnáisiúnta an Rí­ Khaled san Araib Shádach. Choinnigh sé an prí­omhlamháltas ag Aerfort Idirnáisiúnta Muscat in Óman agus bhuaigh sé sainlamháltas nua sa tí­r freisin. Faoi réir idirbheartaí­ocht chonarthach, d’fhéadfadh go gceannódh ARI leas i ngnó nua saor ó dhleacht ag Aerfort Soekarno-Hatta in Iacárta chomh maith.

Bliain shuntasach do daa International a bhí­ sa bhliain seo caite. Osclaí­odh Crí­ochfort 5 go rathúil ag Aerfort Idirnáisiúnta an Rí­ Khaled san Araib Shádach le linn na bliana, ar crí­ochfort é atá á oibriú ag daaI. Is féidir freastal ar thart ar 12 mhilliún paisinéir in aghaidh na bliana ag an gcrí­ochfort nua. Osclaí­odh é ar bhonn céimnithe an samhradh seo caite agus bhí­ sé lánfheidhmiúil faoin bhfómhar.