Cuireann ÚABÁC Caillteanas €284m i gCuntas mar Thoradh ar Thionchar COVID-19 ar Thaisteal

April 29, 2021

Chuir ÚABÁC, a oibríonn Aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí agus a bhfuil gnólachtaí aige in 15 mhargadh thar lear, caillteanas €284 milliún anuraidh i dtaifead mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19.

Tháinig titim 78% ar líonta paisinéirí ag an dá aerfort Éireannach atá aige anuas go dtí díreach 7.9 milliún paisinéir in 2020, i gcomparáid le 35.5 milliún in 2019. Bhí gach ceann d’asraonta miondíola na n-aerfort a oibríonn ÚABÁC in Éirinn agus thar lear dúnta ar feadh tréimhsí fada i rith na bliana.

Tháinig laghdú 69% aníos ó €935 milliún in 2019 go dtí €291 milliún anuraidh ar láimhdeachas, tráth a bhí laghdú €644 milliún ar ghníomhaíocht gnó mar thoradh ar an laghdú ar phaisinéirí i measc mhargaí uile ÚABÁC.

“Bhí ár n-aerfoirt Éireannacha ar cheann de na gnólachtaí ba mhó ar imir tionchar COVID-19 tionchar diúltach orthu le 13 mhí anuas,” a dúirt Príomhfheidhmeannach ÚABÁC, Dalton Philips. “Bhíothas thíos le caillteanas 27.6 milliún paisinéir anuraidh in Aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí, arb ionann sin agus breis agus 5.5 uair dhaonra an Stáit. Ba é an uair dheireanach a raibh níos lú ná 8 milliún paisinéir i mbliain féilire in Aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí 1994.”

Leanann an phaindéim le tionchar tubaisteach a imirt ar earnálacha eitlíochta agus turasóireachta na hÉireann. Sna chéad trí mhí i mbliana, tá laghdú 92% tagtha ar líonta paisinéirí ag Aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí i gcomparáid le 2020, nuair a bhí an dá aerfort is mó sa Stát thíos le laghdú breise 5.1 milliún paisinéir.

“Fad a théann leibhéil vacsaínithe i méid, sa bhaile agus in go leor dár bpríomh-mhargaí taistil thar lear, bhí ar Éirinn treochlár a fhorbairt le haghaidh coraintín óstáin éigeantach agus chun na bratsrianta ar thaisteal thar lear a laghdú,” a dúirt an tUasal Philips.

“Sheol an tionscal eitlíochta in Éirinn plean cuimsitheach le déanaí lena chumasú aerthaisteal idirnáisiúnta a atosú go dtí agus ó Éirinn ar bhealach a leanann le sláinte phoiblí a chosaint. I ndiaidh cuntas a thabhairt ar ár moltaí, teastaíonn ón tionscal go dtéann an Rialtas i mbun gníomh substainteach i leith na saincheiste ríthábhachtaí seo. Tá ar Éirinn tús a chur le pleanáil a dhéanamh anois chun córas a chur i bhfeidhm a cheadóidh taisteal idirnáisiúnta a dhéanamh arís.”

Tá cúrsaí i láthair na huaire maidir le gnólachtaí ÚABÁC an-dúshlánach, agus is deacair ag an bpointe seo aon tuartha bríocha a dhéanamh faoin méid atá indán dúinn sa chuid eile den bhliain seo, dar leis an Uasal Philips. “Is soiléir go bhfuil éileamh ollmhór ar thaisteal, go háirithe chun cuairt a thabhairt ar dhaoine muinteartha agus ar chairde, ach níl aon bhealach soiléir chun cinn ann go fóill maidir le conas agus cathain a laghdófar na srianta ar Éirinn. Teastaíonn soiléireacht uainn freisin maidir le Teastas Glas an AE agus cathain a nglacfar leis in Éirinn.”

Mar gheall ar thionchar suntasach na paindéime ar a ghnó go domhanda, ghníomhaigh ÚABÁC go tapa lena chostais a laghdú anuraidh. Tháinig laghdú 42% anuas go €260 milliún i rith 2020 ar chostais oibriúcháin; agus tháinig laghdú 58% ar chostais idir Meitheamh agus Nollaig anuraidh. Rinneadh laghduithe suntasacha ar chaiteachas caipitiúil agus oibríochtúil a bhí beartaithe, Rinne ÚABÁC athbhreithniú freisin ar a chláir chaipitil mheántéarmacha chun amscálaí soláthair roinnt tionscadal a leasú.

Rinne príomhthionscadail tógála, cosúil leis an Rúidbhealach Thuaidh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus córais nua scagtha slándála don bhagáiste i mbolg aerárthaigh ag Baile Átha Cliath agus Corcaigh dul chun cinn i rith na bliana nuair a ceadaíodh faoi shrianta sláinte. Cuireadh pleananna maidir le hatógáil rúidbhealach Aerfort Chorcaí go mór chun cinn i rith 2020 agus i mbliana agus ceapfaidh ÚABÁC conraitheoir go luath don tionscadal ríthábhachtach seo.

Cuireadh tús le reo pá agus fostaíochta agus ní dhearnadh conarthaí a athnuachan agus chuireamar an sciar den bhrabús, an sciar den ghnóthachan agus pá i gcoibhneas le feidhmíocht don bhliain 2020 ar ceal. Mar gheall ar na bearta seo agus eile, ar ghá dul ina mbun mar gheall ar an tsáinn ina raibh an chuideachta, bhí ar dhaoine glacadh le ciorrú pá idir 20% agus 45%.

Nuair a chuirtear an laghdú nach raibh coinne leis a tháinig ar thrácht agus an dóchúlacht go nglacfadh sé go leor ama go bhfillfidh na leibhéil phaisinéirí ar na gnáthleibhéil, ní raibh rogha eile ag ÚABÁC ach méid an ghnólachta a laghdú anuas leis na cúinsí ar tháinig athrú ó bhonn orthu a chur san áireamh. D’fhág beagnach 1,000 ball foirne a bhí bunaithe in Éirinn an gnólacht, arb ionann sin agus beagnach an tríú cuid de lucht saothair foriomlán an ghrúpa in Éirinn. D’fhág thart ar 1,000 duine an gnólacht miondíola thar lear freisin atá á oibriú ag an ngrúpa.

“Bhí orainn roinnt cinntí deacra a dhéanamh le 13 mhí anuas, agus bhí orainn bogadh go tapa nuair a chuirtear tromchúise na géarchéime san áireamh,” a dúirt an tUasal Philips. “Dhíríomar ar an rud ceart a dhéanamh ar mhaithe le sláinte fhadtéarmach ár ngnólachta agus d’oibríomar i gcomhar lenár ndaoine, sa bhaile agus thar lear araon, a mhéid agus ab fhéidir.

Rinne ÚABÁC comhaontú i rith na bliana ar athruithe móra ar an mbealach a oibríonn sé a ghnólacht in Éirinn le hionadaithe ceardchumainn agus foirne. Chomhaontaigh breis agus 93% d’fhostaithe a chaith vóta i sraith ballóidí ar na tograí nua cleachtas oibre seo glacadh leis na hathruithe seo, a theastaigh lena chur ar chumas na cuideachta oibriú níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí agus le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach an ghnólachta a chosaint.

Chuaigh an Grúpa i mbun gnímh i leith leachtacht €1 billiún iad i rith na bliana agus chuir sé síneadh le meánaibíocht a iasachtaí. Méadaíodh saoráid reatha creidmheasa imrothlaigh aníos ó €300 milliún go €450 milliún agus cuireadh síneadh lena aibíocht ó Shamhain 2022 go dtí Márta 2026. Rinne iasacht thiomanta €350 milliún ón mBanc Eorpach Infheistíochta, a bhfuil ráta úis seasta níos lú ná 1% agus atá in-aisíoctha thar 20 bliain, a tharraingt anuas sa dara ráithe anuraidh. Thiomsaigh ÚABÁC €500 milliún i nDeireadh Fómhair ó shaincheist bhanna a bhain leis na cistí, ag a bhfuil ráta seasta bliantúil beagán de bhreis ar 1.6%, atá in-aisíoctha i Samhain 2032.

“Nuair a chuirtear an tionchar trom a d’imir COVID ar ár ngnólacht san áireamh, chuamar i mbun gnímh go tapa agus chuamar i mbun roinnt bearta cinniúnacha i rith na bliana chun ár leachtacht a neartú,” dar leis an Uasal Philips. Tháinig méadú €353 milliún aníos go dtí €783 milliún ar ghlanfhiachas ag deireadh mhí na Nollag.

Tháinig meath 78% ar líonta paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath anuas go dtí beagán faoi bhun 7.4 milliún anuraidh – ba é seo an chéad laghdú ar thrácht le deich mbliana anuas. Ba é an uair dheireanach a raibh níos lú ná 8 milliún paisinéir i mbliain féilire in Aerfoirt Bhaile Átha Cliath 1994. Rinne breis agus leath na 7.4 milliún duine a thaistil tríd an aerfort i rith 2020 é sin in Eanáir agus Feabhra anuraidh. D’úsáid breis agus 400,000 paisinéir Baile Átha Cliath mar mhol in 2020, a chiallaíonn gur thosaigh nó gur chríochnaigh beagán faoi bhun 7 milliún duine a n-aistear ag Aerfort Bhaile Átha Cliath i rith na bliana.

Tháinig laghdú ag Aerfort Chorcaí ar líonta paisinéirí den chéad uair le sé bliana anuas. Tháinig laghdú 80% anuraidh ar an trácht ag Aerfort Chorcaí anuas go dtí ach 530,000 paisinéir i ndiaidh gur baineadh tairbhe ann as méadú 25% ar líonta paisinéirí sna cúig bliana go dtí 2019 agus i ndiaidh gurbh é an t-aerfort a raibh an borradh ba thapúla sa Stát ag teacht air. D’fhill na líonta paisinéirí in aerfort Chorcaí ar leibhéil 1988 anuraidh. Thaistil beagnach 60 de dhaoine a d’úsáid Aerfort Chorcaí anuraidh in Eanáir nó i bhFeabhra.

Ar aon dul le beartas Rialtas na hÉireann, lean Aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí de bheith ar oscailt i rith na paindéime. Tugadh chun solais go soiléir anuraidh an príomhról a ghlacann Aerfort Bhaile Átha Cliath i slabhra soláthair domhanda na hÉireann, nuair a rinneadh breis agus 6.2 milliún cileagram de threalamh cosanta pearsanta bunriachtanach agus de threalamh leighis a sholáthar ar 356 eitilt a d’oibrigh 16 aerlíne éagsúla. Ba phríomh-mhol é Aerfort Bhaile Átha Cliath, áfach, d’easpórtálacha ríthábhachtacha i rith na bliana, mar gheall go ndéantar go leor feistí leighis agus táirgí cógaisíochta a tháirgeadh in Éirinn.

“Chloíomar le comhairle sláinte an Rialtais i ngach margadh agus thugamar prótacail nua sláinte, sábháilteachta agus ghlanta isteach chun an timpeallacht nua oibriúcháin a chur san áireamh agus chun ár gcustaiméirí agus ár ndaoine a chosaint,” a dúirt an tUasal Philips. “Ó thús na paindéime, dhíríomar go príomha ar shláinte agus sábháilteacht ár ndaoine agus ár gcustaiméirí”.

Mhol an tUasal Philips iarrachtaí dhaoine ÚABÁC i rith na paindéime. “I measc na 16 thír ina n-oibrímid, dhéileáil ár ndaoine le cruachás ar bhonn laethúil i rith go leor den bhliain 2020 agus táthar thar a bheith buíoch dá n-iarrachtaí.”

Cuideachta dhomhanda é ÚABÁC a bhfuil gnólachtaí aige i 16 thír, Éire, Bairéin, Ceanada, an Chipir, an India, an Liobáin agus an Nua-Shéalainn san áireamh. Oibríonn sé Aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí in Éirinn, agus Críochfort 5 ag Aerfort Idirnáisiúnta Rí Khalid (KKIA) in Riyadh, an Araib Shádach, trína fhochuideachta ÚABÁC Idirnáisiúnta. Tá infheistíochtaí ag an nGrúpa freisin in Aerfort Düsseldorf sa Ghearmáin agus in Aerfoirt Phafas agus Larnaca sa Chipir. Tá asraonta ag a ghnó miondíola taistil a bhuaigh gradam, Aer Rianta Idirnáisiúnta (ARI), in 14 thír.

Eolas breise:
Paul O’Kane 353 86 6090221
Siobhán O’Donnell 353 87 2710065