Eisíonn daa A Thorthaí Bliantúla Do 2017
Beidh an Rúidbhealach Thuaidh nua in Aerfort Bhaile Átha Cliath “ar an rud is tábhachtaí a thógfar in Éirinn le blianta anuas”, dar le Dalton Philips, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin daa.
Dúirt an tUas. Philips, a bhí ag labhairt ag eisiúint thorthaí bliantúla daa don bhliain 2017, go mbeadh an rúidbhealach nua ríthábhachtach d’fholláine eacnamaíoch na hÉireann sna blianta móra atá le teacht.
“Beidh an Rúidbhealach Thuaidh ar chosán nua na hÉireann i dtreo an chuid eile den domhan, agus cabhróidh sé leis an tír dul in iomaíocht ar leibhéal domhanda i dtimpeallacht iar-Bhreatimeachta. Beidh sé mar bhonn agus thaca ag turasóireacht, trádáil agus infheistíocht dhíreach eachtrach na hÉireann le leas na tíre ar fad.”
Dúirt an tUas. Philips go gceapfadh daa príomhchonraitheoir le haghaidh thionscadal an Rúidbhealaigh Thuaidh san fhómhar. Tá sé beartaithe tús a chur leis na hoibreacha sa cheathrú ráithe den bhliain seo. Tá an tógáil le cur i gcrích go luath sa bhliain 2021 agus, ina dhiaidh sin, beidh céim coimisiúnaithe naoi mí ann sula n-osclófar an rúidbhealach.
I dteannta na n-oibreacha tógála, leanfaidh daa ar aghaidh ag obair chun oibriú ceadaithe an rúidbhealaigh nua a athrú trí fhéachaint le leasú a dhéanamh ar dhá choinníoll shriantacha a chuirfeadh teorainn le hoibriú an aerfoirt san oíche agus go luath ar maidin, atá ar an tréimhse is gnóthaí sa lá don aerfort. “Is é an toradh a bheadh ar na srianta go gcaillfí 14,700 post laistigh de 20 bliain ó oscailt an rúidbhealaigh nua,” dar leis an Uas. Philips.
Is de réir córas bainistíochta torainn nua atá beartaithe d’Aerfort Bhaile Átha Cliath a chinnfear aon athruithe ar oibriú ceadaithe an rúidbhealaigh. D’fhógair an Rialtas le déanaí go mbeadh Comhairle Contae Fhine Gall ar an Údarás Inniúil don chóras nua sin agus dúirt sé gur ábhar tosaíochta é bunú an Údaráis Inniúil.
“Oibreoimid go hiomlán leis an gcóras torainn nua chun argóint an-láidir a dhéanamh a dhéanamh i bhfabhar leasú na srianta reatha agus chun soiléire a chinntiú d’aerlínte, do phaisinéirí agus do gheallsealbhóirí eile”, arsa an tUas. Philips.
Léiríodh i dtorthaí daa don bhliain 2017 go raibh bliain láidir ag an nGrúpa, a oibríonn Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort Chorcaí, ARI, ar gnó miondíola taistil domhanda é, agus daa International.
Mhéadaigh an brabús tar éis cánach roimh mhíreanna eisceachtúla faoi 16% go €125 mhilliún. Ba iad na príomhthosca taobh thiar den mhéadú sin ná an líon ní b’airde paisinéirí ag aerfoirt in Éirinn, ioncam méadaithe tráchtála agus fás sna gnóthais thar lear atá ag daa.
Mhéadaigh an líon iomlán paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí faoi 6% go 31.9 milliún duine anuraidh, an líon ab airde riamh. Mhéadaigh an líon paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath don seachtú bliain i ndiaidh a chéile. Ina theannta sin, mhéadaigh Aerfort Chorcaí, atá ar an dara tairseach eitlíochta is mó sa Stát, a thrácht don dara bliain i ndiaidh a chéile.
Leanann an dá aerfort lena bhfeidhmíocht seirbhíse do chustaiméirí a choinneáil, agus í a fheabhsú i gcásanna áirithe, cé go mbíonn siad ag próiseáil líon méadaithe paisinéirí.
Mhéadaigh an láimhdeachas faoi 8% go €855 mhilliún. Bhí fás láidir ann i ngníomhaíochtaí tráchtála, in ioncam aerloingseoireachta agus i ngnóthais idirnáisiúnta daa. Ba faoi 9.5% go €271 mhilliún don bhliain a mhéadaigh tuilleamh roimh ús, cánachas, dímheas agus amúchadh.
Mhéadaigh costas oibriúcháin faoi 7% go €409 milliún mar gur earcaigh daa 200 ball foirne breise ag a aerfoirt in Éirinn chun freastal ar an bhfás leantach sa líon paisinéirí agus mar gur infheistigh sé i struchtúir nua chun borradh a chur faoin bhfás fadtéarmach ina ghnó miondíola taistil.
Laghdaíodh an glanfhiachas tuilleadh sa bhliain. Tá laghdú 12% tagtha air le cúig bliana anuas, ó €614 mhilliún sa bhliain 2013 go €541 mhilliún. Sa tréimhse chéanna, mhéadaigh toradh daa ar ghnáthscaireanna ó 2.9% go 10.1%.
Tá díbhinn is fiú €37.4 milliún le híoc ag daa leis an Stát i leith na bliana 2017, rud a fhágfaidh gurb ionann na híocaíochtaí díbhinne iomlána go €85 mhilliún le trí bliana anuas.
Mhéadaigh an líon paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi 6% go 29.6 milliún paisinéir anuraidh, an líon ab airde riamh. Neartaíodh é le seoladh 14 sheirbhís nua agus leathnú 39 mbealach reatha. Mhéadaigh trácht paisinéirí Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi 55% le cúig bliana anuas agus, ón mbliain 2011 i leith, chuir Aerfort Bhaile Átha Cliath 127 seirbhís nua agus 26 chustaiméir aerlíne nua leis.
Cuireadh feabhas breise ar staid Aerfort Bhaile Átha Cliath mar thairseach chuig Meiriceá Thuaidh sa bhliain, ar lena linn a mhéadaigh an líon paisinéirí moil faoi 32% go 1.8 milliún paisinéir. Rinne thart ar 27.8 milliún paisinéir a dturas a thosú nó a chríochnú ag Aerfort Bhaile Átha Cliath anuraidh.
D’infheistigh daa €174 mhilliún in Aerfort Bhaile Átha Cliath anuraidh mar gur lean sé ar aghaidh ag uasghrádú a áiseanna do phaisinéirí agus a áiseanna aerpháirce chun freastal ar an líon méadaitheach paisinéirí. Tá breithniú á dhéanamh faoi láthair ag an gCoimisiún um Rialáil Eitlíochta ar phlean breise infheistíochta caipitil is fiú €280 milliún sa bhreis d’Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Tá Máistirphlean d’Aerfort Bhaile Átha Cliath á thabhairt chun críche ag daa faoi láthair. Breithnítear sa Mháistirphlean na forbairtí a theastaíonn chun cur ar chumas an aerfoirt freastal ar 50 milliún paisinéir sa bhliain faoi na 2040í. Is ar acmhainn Aerfort Bhaile Átha Cliath a mhéadú atá an díriú sa mheántéarma trí rúidbhealach nua, seastáin bhreise pháirceála aerárthaigh agus limistéir nua gheata bordála a chur leis.
Mhéadaigh an líon paisinéirí ag Aerfort Chorcaí don dara bliain i ndiaidh a chéile. Mhéadaigh an trácht faoi 3.5% go níos mó ná 2.3 milliún paisinéir anuraidh. D’fháiltigh Aerfort Chorcaí roimh an gcéad seirbhís thrasatlantach sceidealaithe riamh dá chuid nuair a thosaigh Norwegian Air a oibríochtaí chuig Bostún-Providence. Chomh maith leis sin, chuir sé bealaí nua ó SWISS, Aer Lingus Regional agus Volotea leis sa bhliain.
Bhí dea-thús ag an dá aerfort i mbliana. Sa chéad ráithe, bhí an líon paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath 4% níos airde agus bhí an líon paisinéirí ag Aerfort Chorcaí 2% níos airde. Beidh 14 bhealach nua ag Aerfort Bhaile Átha Cliath sa samhradh, lena n-áirítear eitiltí díreacha nua chuig Hong Cong le Cathay Pacific agus chuig Béising le Hainan Airlines. Tá trí bhealach nua sa bhreis agus acmhainn bhreise ar 14 sheirbhís reatha ag Aerfort Bhaile Átha Cliath i mbliana.
Bhí brabús tar éis cánach ab fhiú €24 mhilliún sa bhliain ag an ngéag idirnáisiúnta de ARI, gnó miondíola taistil daa. Oibríonn ARI asraonta i Meiriceá Thuaidh, i Muir Chairib, san Eoraip, sa Mheánoirthear, san Áise agus san Astraláise. Chomh maith leis sin, sealbhaíonn sé an leas 20% atá ag daa in Aerfort Dí¼sseldorf.
Le míonna beaga anuas, d’oscail ARI siopaí nua i gCeanada agus in Óman agus d’athchóirigh sé asraonta i mBairéin agus sa Nua-Shéalainn, cé go mbíonn an earnáil miondíola taistil ag éirí níos dúshlánaí ar fud an domhain. Mhéadaigh an líon paisinéirí ag Aerfort Dí¼sseldorf faoi 5% go 24.6 milliún paisinéir anuraidh. Leanann an infheistíocht sin le dea-thoradh a sholáthar don Ghrúpa.
Maidir le Críochfort 5 ag Aerfort Idirnáisiúnta an Rí Khaled i Riyadh, an Araib Shádach, a reáchtálann daa International é, bliain rathúil dó a bhí sa bhliain 2017, an chéad bhliain a bhí sé i mbun oibre. D’fháiltigh sé roimh 13 mhilliún paisinéir san iomlán.
Chruthaigh daa 260 post nua coibhéise lánaimseartha anuraidh. Áiríodh leo 200 post ina oibríochtaí in Éirinn.
“Cuid dhílis den ghnóthas iad ár mbaill foirne agus ní éireodh le daa ina n-éagmais,” arsa an tUas. Philips. “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine díobh as a dtiomantas don ghnóthas agus as an obair a chuir siad isteach sa bhliain 2017.”
Críoch
Tuilleadh faisnéise:
Paul O’Kane 353 1 814 1897, 353 86 609 0221
Maidir le daa:
Oibríonn daa Group Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Chorcaí mar aon le Críochfort 5 ag Aerfort Idirnáisiúnta an Rí Khaled i Riyadh, an Araib Shádach. Tá sé ar an úinéir ar ARI, an gnó miondíola taistil domhanda, agus ar daa International freisin.
Trí na haerfoirt, na conarthaí bainistíochta aerfoirt, na hasraonta miondíola agus na hinfheistíochtaí aerfoirt de chuid daa, cuireann an Grúpa seirbhísí ar fáil do níos mó ná 135 mhilliún paisinéir gach bliain in 12 thír ar fud ceithre mhór-roinn.