Feidhmíocht oibríochtúil láidir curtha i gcrích ag daa in 2025 in ainneoin brúnna costais agus timpeallachta rialála agus pleanála atá ag athrú 

April 30, 2026

Thuairiscigh daa, an grúpa miondíola aerfoirt agus taistil domhanda agus oibritheoir aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí, feidhmíocht oibríochtúil láidir don bhliain dar críoch an 31 Nollaig, 2025. Leis sin, léirítear éileamh láidir ó phaisinéirí, infheistíocht leanúnach sa bhonneagar agus béim ar oibríochtaí sábháilte agus iontaofa, d’ainneoin costas atá ag méadú agus neamhchinnteachta seachtraí. 

In 2025, thaisteal 39.9 milliún paisinéir trí aerfoirt Bhaile Átha Cliatha agus Chorcaí, an bhliain ba ghnóthaí dár taifeadadh riamh, agus sholáthair Grúpa daa láimhdeachas €1.18 billiún, TRÚCDA €401 mhilliún agus brabús tar éis cánach €230 milliún. Mhol Bord daa díbhinn €66 mhilliún don Stát maidir leis an mbliain airgeadais 2025, agus mar thoradh air sin íocadh díbhinní iomlána de luach €165 mhilliún ó 2024. 

Leis na torthaí sin, tacaíodh le hinfheistíocht chaipitiúil €272 mhilliún le linn na bliana a bhí dírithe ar na nithe a leanas: eispéireas paisinéirí a fheabhsú, uasghráduithe ar aerpháirceanna agus ar láithreacha feithimh aerárthaí tábhachtacha, scanóirí C3 nua a shuiteáil ag críochfoirt 1 agus 2 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, tús a chur le tógáil idirurláir nua lena gcuimseofar limistéar scagtha paisinéirí agus tolglann nua ag Aerfort Chorcaí, agus inbhuanaitheacht a chur chun cinn ar fud oibríochtaí an Ghrúpa in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. 

Feidhmíocht oibríochtúil 

Thaifead aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí an bhliain ba ghnóthaí dá gcuid riamh, agus líonta paisinéirí níba mhó ná riamh á mbainistiú agus ardchaighdeáin seirbhíse á gcur ar fáil ag an am céanna. 

  • Chuir Aerfort Bhaile Átha Cliath fáilte roimh 36.4 milliún paisinéir in 2025, méadú 5% ar an mbliain roimhe sin, arna thacú ag eispéireas slándála réidh agus éifeachtúil, agus chuaigh 98% de phaisinéirí trí shlándáil laistigh de 20 nóiméad. Thaifead an t-aerfort a cheathrú bliain i ndiaidh a chéile de phoncúlacht níos fearr agus bhain sé na scóir is airde riamh dá chuid amach maidir le sástacht paisinéirí. 
  • Chuir Aerfort Chorcaí fáilte roimh 3.5 milliún paisinéir, líon nach bhfacthas riamh, agus b’ionann sin agus méadú 13% ar 2024, agus an bhliain seo an bhliain is gnóthaí ó osclaíodh é i 1961. Lean an t-aerfort le poncúlacht ard agus sástacht do chustaiméirí a sholáthar agus chuir sé infheistíochtaí móra i gcrích maidir leis an gcríochfort, slándáil agus bagáiste faoina chlár forbartha caipitil ilbhliantúil €200 milliún. 

Ar bhonn idirnáisiúnta, thacaigh daa Idirnáisiúnta le líonta paisinéirí nach bhfacthas riamh ag Aerfort Idirnáisiúnta an Rí Abdulaziz in Jeddah agus le hoscailt rathúil Aerfort idirnáisiúnta na Mara Rua, agus sholáthair Aer Rianta International (ARI) fás ioncaim láidir ar fud na punainne miondíola taistil domhanda dá chuid. 

Cé gur méadaíodh líonta paisinéirí agus ioncaim le linn na bliana, léiríodh leis an toradh airgeadais brúnna costais faoi thionchar boilscithe ar fud réimsí amhail saothar, fuinneamh agus tógáil, in éineacht le neamhchinnteacht gheopholaitiúil leanúnach agus an riachtanas chun infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar fadtéarma laistigh de chreat srianta rialála agus pleanála. 

Dúirt Basil Geoghegan, Cathaoirleach daa: 

“Cuirtear béim agus dírítear aird leis na torthaí seo ar ról criticiúil daa maidir le fás eacnamaíoch, turasóireacht, trádáil agus nascacht a chothú. Bhaineamar feidhmíocht airgeadais láidir amach mar gheall ar fhás láidir paisinéirí ag na haerfoirt dár gcuid, ag cuidiú le hinfheistíocht a mhaoiniú inár bpleananna uaillmhianacha don todhchaí agus díbhinn nach beag a thabhairt ar ais don Stát. Is í fadhb leanúnach amháin ná go bhfuil Aerfort Bhaile Átha Cliath ag oibriú faoi dhlínsí rialála neamhchomhordaithe iomadúla, a théann i bhfeidhm ar ár gcumas na cuspóirí a chomhlíonadh atá leagtha síos ag ár scairshealbhóirí chun soláthar a dhéanamh do riachtanais nascachta na hÉireann atá ag méadú. Tá an srian gearrthéarma is práinní aitheanta ag an rialtas, is é sin an srian 32 mhilliún ar líonta paisinéirí bliantúla, agus cuirimid fáilte roimh a thiomantas chun tabhairt faoin srian sin trí reachtaíocht a thabhairt isteach in 2026.” 

Dúirt Nick Cole, Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin daa: 

“Bá í an tosaíocht a bhí ag an bhfoireann ar feadh 2025 ná iontaofacht oibríochtúil, ag cinntiú go rabhamar in ann tréimhsí gnóthacha a bhainistiú go sábháilte, poncúlacht a fheabhsú agus eispéireas an-dearfach a chur ar fáil do phaisinéirí, agus ag leanúint le hinfheistíocht a dhéanamh inár n-aerfoirt. Táimid fós dírithe air sin de réir mar a dhéanaimid ár mbealach trí phróisis rialála leanúnacha agus trí thimpeallacht gheopholaitiúil sheachtrach neamhchinnte.” 

Dúirt Peter Dunne, Príomhoifigeach Airgeadais an Ghrúpa: 

“Tá feidhmíocht airgeadais láidir bainte amach ag an nGrúpa, le láimhdeachas agus TRÚCDA méadaithe don bhliain dar críoch an 31 Nollaig, 2025. Cuireann sé sin leis na torthaí ab fhearr riamh a baineadh amach sa bhliain 2023 agus sa bhliain 2024 agus tacaíonn sé lenár bpleananna infheistíochta leanúnacha maidir le hacmhainn amach anseo agus caighdeáin seirbhíse níos fearr a sholáthar inár n-oibríochtaí intíre agus idirnáisiúnta araon. 

“Tháinig laghdú €6 mhilliún (2%) ar bhrabús an Ghrúpa roimh mhíreanna eisceachtúla agus gluaiseachtaí luacha chóir agus tháinig méaduithe ar an láimhdeachas agus TRÚCDA a ghin an Grúpa ónár ngníomhaíochtaí intíre agus idirnáisiúnta arna bhfritháireamh le laghdú ar ús a fuarthas go príomha mar gheall ar rátaí úis níos ísle ar thaiscí agus ar mhéadú ar an muirear dímheasa i ndiaidh infheistíocht chaipitil leanúnach le roinnt blianta anuas. 

“Le linn na bliana, chuir an Grúpa mórthionscadail chun cinn chun feabhas a chur ar eispéireas na bpaisinéirí agus chun acmhainneacht oibríochtúil a mhéadú ag aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí araon, agus caitheadh €272 milliún ar an gclár caipitil leanúnach sin. A bhuí leis an mbrabúsacht leanúnach a bhain an Grúpa amach, is féidir leis an mBord díbhinn €66 mhilliún a mholadh don Stát i leith na bliana airgeadais 2025. Is é an toradh a bheidh air sin ná gur íocadh díbhinní carnacha de €165 mhilliún leis an Stát ó 2024 i leith.” 

Buaicphointí tábhachtacha airgeadais 2025 

  • Paisinéirí a chuaigh trí aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí: 39.9 milliún 
  • Láimhdeachas: €1.18 billiún 
  • TRÚCDA: €401 mhilliún 
  • Brabús i ndiaidh cánach: €230 milliún 
  • Infheistíocht chaipitiúil: €272 mhilliún 
  • Glanfhiachas: €640 milliún 
  • Díbhinn don Stát atá molta: €66 mhilliún 

 

Rannpháirteachas leis an bpobal 

Díríodh an-aird ar rannpháirteachas leis an bpobal in 2025. Ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, lean daa le rannpháirteachas leanúnach le pobail in aice láimhe trí chomhairliúchán struchtúrtha, trí chláir a bhí dírithe ar an bpobal agus trí bhearta maolaithe torainn nach beag, arna dtacú ag níos mó ná €25 mhilliún a infheistíodh i dtionscnaimh phobail. Áiríodh leis sin na Grúpaí Idirchaidrimh Pobail agus Grúpaí Oibre Timpeallachta a raibh cathaoirleach neamhspleách orthu, foireann thiomanta Rannpháirteachais leis an bPobal agus Monatóireachta Torainn, agus infheistíocht leanúnach i scéimeanna inslithe do thithe agus do scoileanna, roghanna ceannaigh dheonaigh tithe, agus tionscnaimh mhaoinithe áitiúla amhail Ciste Pobail daa agus €2 mhilliún mar dheontais do scoileanna faoi Elevate ’25. 

I dtaighde neamhspleách a coimisiúnaíodh le déanaí ar fud cheantar Fhine Gall fuarthas amach go raibh leibhéil fheabhsaithe tuisceana agus muiníne ann i measc na gcónaitheoirí áitiúla maidir le cur chuige rannpháirteachais daa agus maidir leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fail maidir le hoibríochtaí aerfoirt. Leis na torthaí sin léirítear na hiarrachtaí leanúnacha chun éisteacht, freagairt a dhéanamh agus feabhas a chur ar an dóigh a ndéanann an t-aerfort cumarsáid agus teagmháil leis na pobail atá thart air, tacaithe ag tionscnaimh amhail uirlisí feabhsaithe um fhaisnéis faoi thorann, nuachtlitreacha pobail rialta, cuairteanna ar scoileanna agus ar thithe áitiúla agus infheistíocht dhíreach i gcláir phobail agus oideachais. 

I gCorcaigh, lean Ciste Pobail an aerfoirt le tionscnaimh chultúrtha, spóirt, thurasóireachta agus oideachasúla a thacú ar fud an réigiúin, agus ról Aerfort Chorcaí mar chomhpháirtí geata réigiúnaigh agus pobail tábhachtach á threisiú. 

TSR agus inbhuanaitheacht 

Bhí inbhuanaitheacht agus TSR (prionsabail Timpeallachta, Sóisialta agus Rialachais) fós ina cholún lárnach de straitéis daa in 2025, agus rinneadh dul chun cinn ar fud na réimsí aeráide, fuinnimh, pobail agus rialachais. 

Le linn na bliana, chuir daa a ghealltanas chun cinn chun a aerfoirt a oibriú ar bhealach níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe, lenar áiríodh infheistíocht leanúnach i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite, leictrithe agus éifeachtúlachta fuinnimh ag aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí araon. Chríochnaigh feirm ghréine ar an láithreán de chuid Aerfort Bhaile Átha Cliath a céad bhliain oibriúcháin, agus chuir Aerfort Chorcaí pleananna chun cinn maidir lena bhonneagar gréine féin mar chuid dá chlár forbartha caipitil ilbhliantúil níos leithne €200 milliún. 

Ar fud an Ghrúpa, lean daa le hastaíochtaí carbóin óna chuid oibríochtaí féin a laghdú, le húsáid foinsí fuinnimh níos glaine a leathnú agus le tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí dícharbónaithe an aerfoirt, lenar áiríodh infhaighteacht breosla eitlíochta inbhuanaithe. Trí na gníomhaíochtaí sin, tacaítear le spriocanna gearrthéarmacha daa i leith na haeráide chun laghdú 51% ar astaíochtaí Scóip 1 agus Scóip 2 a bhaint amach faoi 2030 agus tá siad ina gcuid dá ghealltanas fadtéarma chun oibríochtaí aeráidneodracha a bhaint amach faoi 2050. Chomh maith leis sin bhailíochtaigh an tionscnamh um Spriocanna Eolaíochtbhunaithe (SBTi) spriocanna aeráide daa go hoifigiúil, agus dheimhnigh sé go raibh siad ag teacht leis an eolaíocht aeráide is déanaí agus le Comhaontú Pháras. Leis an mbailíochtú sin neartaítear straitéis inbhuanaitheachta daa agus cuirtear treochlár ar fáil leis atá soiléir agus eolaíochtbhunaithe le haghaidh astaíochtaí a laghdú ar fud na n-oibríochtaí dár gcuid. 

Ag féachaint ar aghaidh 

Bhain daa feidhmíocht láidir amach in 2025 i dtimpeallacht sheachtrach dhinimiciúil. Ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, léiríodh láidreacht nascacht na hÉireann mar thoradh ar éileamh leanúnach ó phaisinéirí, in éineacht le rannpháirteachas leanúnach leis an rialtas, le pleanálaithe agus le rialálaithe le haghaidh soiléire fhadtéarma a aimsiú maidir le hacmhainn. Áirítear leis sin an teorann ar líonta paisinéirí, socruithe oibríochtúla an Rúidbhealaigh Thuaidh agus Iarratas Bonneagair daa, agus tá gach ceann acu sin ríthábhachtach maidir le féachaint chuige go seasfaidh infheistíocht agus fás an aimsir agus go dtacaítear leo. 

Ag Aerfort Chorcaí, tá an béim fós ar chlár infheistíochta €200 milliún daa d’fhonn fás inbhuanaithe a éascú, suas le cúig mhilliún paisinéir a láimhseáil in aghaidh na bliana agus nascacht le Réigiún Deisceartach na hÉireann a neartú. 

Ar bhonn idirnáisiúnta, leanann daa chun monatóireacht dhlúth a dhéanamh ar fhorbairtí geopholaitiúla, lena n-áirítear an coinbhleacht reatha sa Mheánoirthear, agus sábháilteacht fostaithe agus acmhainneacht oibríochtúil ina dtosaíochtaí sáraitheacha. Leanadh le hoibríochtaí ag aerfoirt daa san Araib Shádach i rith na tréimhse sin, agus cuireadh oibríochtaí in Abú Daibí agus i mBairéin ar feitheamh go sealadach, agus anois tá oibríochtaí eitilte ag tosú arís de réir a chéile de réir mar a ligtear dóibh ag cúinsí. 

Cuirtear taca faoi acmhainneacht agus faoi acmhainn infheistíochta ag bonn tuillimh éagsúlaithe, ag leachtacht láidir agus ag bainistíocht airgeadais an-eagraithe an Ghrúpa. In ainneoin na ndúshlán pleanála agus rialála leanúnach, tháinig daa isteach in 2026 agus muinín aige, tacaithe ag éileamh láidir ó phaisinéirí agus ag infheistíocht leanúnach i mbonneagar, in inbhuanaitheacht agus i seirbhís do chustaiméirí.