Fógraíonn Grúpa daa Filleadh ar an mBrabús in 2022 agus teacht aniar á dhéanamh sa Líon Paisinéirí
– Paisinéirí: 30.3 milliún ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Chorcaí
– Láimhdeachas: €752 milliún
– TRÚCDA: €249 milliún
– Brabús i ndiaidh cánach: €98 milliún
– Costais oibriúcháin: €461 milliún
– Glanfhiachas: €840 milliún
Thaifead Grúpa daa, oibreoir Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Chorcaí, Aer Rianta International (ARI) agus daa International (daaI), brabús roimh mhíreanna eisceachtúla de €98 milliún in 2022, i gcomparáid le caillteanas €101 milliún an bhliain roimhe sin. B’ionann caillteanais iomlán ghrúpa daa le linn COVID-19 (2020 agus 2021) agus €387 milliún. B’ionann an láimhdeachas in 2022 agus €752 milliún, méadú ó €324 milliún an bhliain roimhe sin, arb ionann é sin agus méadú 132% i gcomparáid le 2021. D’infheistigh daa, a bhfuil oibríochtaí aige i 15 thír, €158 milliún i gcaiteachas caipitil in 2022, lena n-áirítear €156 milliún in aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí agus €2 mhilliún ina ghnólachtaí idirnáisiúnta.
B’ionann an líon paisinéirí in aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí agus 30.3 milliún san iomlán sa 12 mhí go dtí mí na Nollag 2022 i gcomparáid le 8.7 milliún paisinéir sa tréimhse 12 mhí roimhe sin, arbh ionann é sin agus téarnamh 85% ar leibhéil na bpaisinéirí in 2019.
D’éascaigh Aerfort Bhaile Átha Cliath níos mó ná 28.1 milliún paisinéir in 2022, arb ionann é sin agus méadú 231% ar ghníomhaíocht 2021 agus téarnamh 85% ar leibhéil 2019. Chuir Aerfort Chorcaí, an dara haerfort is mó sa stát, fáilte roimh 2.24 milliún paisinéir, méadú 766% i gcomparáid le 2021, arbh ionann é sin agus 86% den líon paisinéirí in 2019.
Dúirt POFdaa, Kenny Jacobs “Bhí an bhliain 2022 ina bliain dhúshlánach do chách san earnáil eitlíochta domhanda, lena n-áirítear daa, mar gheall ar an ardú tobann ar an éileamh ar thaisteal idirnáisiúnta nuair a maolaíodh srianta COVID-19. Tá go leor fianaise ann go raibh roinnt príomheasnamh ann maidir le caighdeáin agus cáilíocht na seirbhíse ag Aerfort Bhaile Átha Cliath le linn an chéad leath de 2022 ach thángamar chugainn féin go maith agus tá cúrsaí seasmhach le naoi mí anois. A bhuí le hobair chrua agus tiomantas fhoireann daa ó Lúnasa 2022, cinntíodh go ndeachaigh thart ar 90% dár bpaisinéirí tríd an ngrinnfhiosrúchán slándála laistigh de 20 nóiméad.”
“Le linn 2022, rinneamar breis agus 1,000 fostaí nua a earcú, d’éirigh linn séasúr thar a bheith gnóthach an tsamhraidh a bhainistiú, agus d’fhilleamar ar ghnáthleibhéal seirbhíse do chustaiméirí do thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana. Tá an fheidhmíocht láidir paisinéirí sin fós ann in 2023. Agus muid ag breathnú ar aghaidh go dtí an samhradh gnóthach, dírímid go hiomlán ar a chinntiú go mbeidh na hacmhainní cuí ag an oibríocht ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus lenár bplean feabhsúcháin 15 pointe a fógraíodh le déanaí soláthrófar caighdeáin níos fearr dár gcustaiméirí ar fad. Ag Aerfort Chorcaí, an dara aerfort is mó sa tír, tá an líon paisinéirí ag méadú i gcónaí agus tá sé os cionn leibhéil 2019 go seasta ar bhonn míosúil anois.”
Dúirt Kenny Jacobs: “táimid tiomanta dá chinntiú go leabófar inbhuanaitheacht laistigh de gach cuid dár n-eagraíocht. Tá trí phrionsabal ceannasach ag treorú ár ngníomhaíochtaí – Dícharbónú, Ciorclaíocht agus Timpeallachta Sláintiúla Áitiúla. Is é an sprioc deiridh atá ag ár nGrúpa atá faoi úinéireacht iomlán neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2050.
Dúirt Kenny Jacobs: “Tá margadh saothair na hÉireann thar a bheith iomaíoch fós, agus mar gheall air sin tá sé ina dhúshlán i gcónaí an tallann is fearr a mhealladh agus a choinneáil. Tá ár ndaoine i gcroílár sholáthar ár straitéise gnó agus tá sé ríthábhachtach go leanfaimid leis an tallann is fearr a choinneáil agus a fhostú chun go mbeidh rath orainn amach anseo.”
Ag machnamh ar 2022, dúirt Basil Geoghegan, Cathaoirleach daa: “Buaicphointe ríthábhachtach don Ghrúpa in 2022 ba ea oscailt an Rúidbhealaigh Thuaidh nua ag Aerfort Bhaile Átha Cliath – in am agus de réir an bhuiséid. Is áisitheoir ríthábhachtach eacnamaíochta é an rúidbhealach nua do thurasóireacht, trádáil agus infheistíocht dhíreach agus táimid an-bhródúil astu siúd a chabhraigh leis an éacht innealtóireachta eitilte seo a bhaint amach a fhreastalóidh ar Éirinn do na glúnta atá le teacht. Táimid tiomanta do bheith inár gcomharsa fhreagrach agus mhaith, comharsa a ghlacann páirt agus a éisteann. Le fiche nó tríocha bliain anuas, thugamar tacaíocht do ghníomhaíochta lena dtreisítear sprid an phobail, sholáthraíomar acmhainní chun folláine an phobail a fheabhsú agus táimid tiomanta é sin a dhéanamh sna lenár gcomhpháirtithe i bhFine Gall leis na blianta amach romhainn.”
Ag labhairt di faoi fhilleadh daa ar bhrabúsacht, dúirt Príomhoifigeach Airgeadais Ghrúpa daa, Catherine Gubbins: “Táimid sásta gur fhilleamar ar an mbrabúsacht in 2022, i ndiaidh na caillteanais shuntasacha a fabhraíodh mar thoradh ar phaindéim COVID-19. Don bhliain dar críoch Nollaig 2022, chinn Bord daa gan soláthar a dhéanamh d’íocaíocht díbhinne agus tá ábhair imní ag an mBord freisin maidir le cumas an Ghrúpa díbhinn a íoc sna chéad chúpla bliain atá amach romhainn.f Tá sé sin i gcomhthéacs thionchar suntasach COVID-19 ar an nGrúpa, an drochthoraidh tráchtála a tháinig as an gcinneadh le déanaí ón gCoimisiún um Rialáil Eitlíochta (CRE) agus scála an chaiteachais chaipitiúil a theastóidh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an chumais ríthábhachtaigh sin atá le sárú ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.”
Dúirt Kenny Jacobs: “Chuidigh feidhmíocht láidir ár ngnólachtaí miondíola domhanda agus idirnáisiúnta le feidhmíocht daa in 2022. Bhuaigh ARI mórchonradh chun lamháltais mhiondíola saor ó dhleacht agus le dleacht íoctha a oibriú ag ocht n-aerfort sa Phortaingéil, agus bronnadh conradh cúig bliana ar daa International chun tacú le hoibríochtaí, forbairt gnó eitlíochta, ioncam nach mbaineann le haerloingseoireacht agus bainistíocht saoráidí ag Aerfort Idirnáisiúnta King Abdulaziz in Jeddah, an Araib Shádach, é sin ar fad a bhainistiú agus comhairle a thabhairt ina leith. Bhuaigh foireann daaI conradh oibríochtaí agus cothabhála 12 bhliain freisin le bheith ina hoibreoir ar an aerfort idirnáisiúnta nua atá á thógáil ag Red Sea Resort san Araib Shádach.”