Méadú 47% go €61M tagtha ar Bhrabús daa de bharr Ioncam Láidir Tráchtála agus Líon Méadaithe Paisinéirí
Tháinig méadú 47% ar bhrabús daa, oibreoir aerfort, an bhliain seo caite, agus é ag méadú go €61 milliún. Bhí méadú 30% ann ar ioncam tráchtála óna ghnóthais intíre agus idirnáisiúnta agus bhí méadú 14% ann ar an líon foriomlán paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí.
Mhéadaigh láimhdeachas daa faoi 21% go €680 milliún, agus an méadú sin á bhrú chun cinn ag an líon paisinéirí ab airde riamh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag fás láidir in ioncam tráchtála agus miondíola in Éirinn agus i measc ghnóthais eachtracha an Ghrúpa araon. Ba faoi 14% go €206 milliún a mhéadaigh tuilleamh roimh úis, cánacha, dímheas agus amúchadh (EBITDA).
“Bliain láidir do daa a bhí sa bhliain 2015. Taifeadadh an líon paisinéirí ab airde riamh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, d’fhill Aerfort Chorcaí ar fhás tráchta sa cheathrú ráithe den bhliain, agus bhain ARI, ár ngnó miondíola aerfoirt, feidhmíocht den scoth amach sa bhliain,” a dúirt Kevin Toland, Príomhfheidhmeannach ar daa.
Mhéadaigh an líon iomlán paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí faoi 14% anuraidh go 27.1 milliún duine. Ba é sin an líon ab airde riamh. D’éirigh go geal le hAerfort Bhaile Átha Cliath sa bhliain, agus an líon paisinéirí ag méadú faoi 15% go 25 milliún duine lena linn. Laghdaigh an líon paisinéirí ag Aerfort Chorcaí faoi 3% go 2.1 milliún duine anuraidh. Mar sin féin, d’fhill an tAerfort ar fhás paisinéirí sa ráithe dheiridh den bhliain mar gheall ar an dea-thionchar a bhí ag na bealaí nua a tugadh isteach ann.
Maidir leis an líon paisinéirí, bhain Aerfort Bhaile Átha Cliath curiarracht amach i ngach mórearnáil dá ghnó anuraidh. Freastalaíodh ar 3.3 milliún paisinéir eile, cuireadh 23 bhealach nua ar fáil, agus cuireadh le 40 seirbhís a bhí ann cheana féin. “Spreagthaí lárnach maidir le trádáil agus le turasóireacht in Éirinn is ea Aerfort Bhaile Átha Cliath agus is dóigh go raibh tairbhí an tráchta bhreise sin le brath ar fud an gheilleagair ar fad,” de réir an Uas. Toland.
Tá méadú láidir tagtha ar an líon paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí sa chéad cheithre mhí den bhliain seo freisin. Mhéadaigh an líon paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi 15% go 7.8 milliún duine, beagnach, sna ceithre mhí suas go deireadh mhí Aibreáin. Mhéadaigh an líon paisinéirí ag Aerfort Chorcaí faoi 8% go 592,000 duine le linn na tréimhse céanna. Beidh 13 bhealach nua á dtairiscint ag Aerfort Bhaile Átha Cliath sa samhradh. Ag an am céanna, beidh ocht mbealach nua á dtairiscint ag Aerfort Chorcaí, an dara haerfort is mó sa Stát.
Mar gheall ar an líon paisinéirí agus ar an éileamh méadaitheach a bhíonn ann ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, bíonn bonneagar rúidbhealaigh reatha an Aerfoirt á fheidhmiú ar a lánacmhainn ag buaicamanna. Dá réir sin, d’fhógair daa le déanaí go bhfuil pleananna á gcur ar aghaidh aige le haghaidh rúidbhealach nua ar fiú €320 milliún é a thógáil.
“Cumasóidh an rúidbhealach nua go mór do gheilleagar na hÉireann go ceann i bhfad mar go dtacóidh sé le suas le 31,000 post nua agus le gníomhaíocht gheilleagrach ar fiú €2.2 billiún í,” a dúirt an tUas. Toland. “Chomh maith leis sin, cumasóidh sé dár gcustaiméirí aerlíne reatha fás a bhaint amach agus cabhróidh sé le hAerfort Bhaile Átha Cliath aerlínte nua a mhealladh chuig margadh na hÉireann.”
Mhéadaigh láimhdeachas ó ioncam aerloingseoireachta faoi 8% go €257 milliún. Mhéadaigh láimhdeachas ó ghníomhaíochtaí tráchtála agus miondíola in Éirinn faoi 30% go €423 milliún ag an am céanna.
Mhéadaigh costais oibriúcháin faoi 18% go €333 milliún le linn na bliana. Mar sin féin, tháinig cuid den mhéadú sin as na costais bhunaithe a bhain le gnó nua a oscailt sa Nua-Shéalainn agus as an tionchar bliana iomláine a bhí ag ní a ceannaíodh sa Chipir.
Bhí méadú 8% ann ar chostais ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí mar gur fhruiligh daa tuilleadh ball foirne chun déileáil leis an méadú ar an líon paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. “Agus na costais ríofa in aghaidh an phaisinéara, laghdaigh daa a chostais aerfoirt faoi 5% anuraidh agus tá sé mar phríomhthosaíocht againn go fóill tuilleadh éifeachtúlachtaí a bhaint amach ina leith sin,” a dúirt an tUas. Toland.
De réir an Uas. Toland, bhí bliain den scoth ag ARI, géag mhiondíola daa a oibríonn i 10 dtír thar lear agus a bhainistíonn The Loop ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí. “Mhéadaíomar go mór ár ndíolachán miondíola in Éirinn, agus é os cionn an mhéadaithe sa líon paisinéirí. D’éirigh go geal le gnó eachtrach ARI freisin.”
Ba faoi 20% go €273 milliún a mhéadaigh an díolachán iomlán ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí anuraidh, lenar áiríodh díolachán miondíola, bia agus di i measc lamháltóirí. Uasghrádú €8 milliún ar an bpríomhlimistéar miondíola ag Teirminéal 1 Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an líon méadaitheach paisinéirí, chabhraigh siad araon le méadú 28% a bhaint amach sa díolachán ag siopaí in Éirinn atá á mbainistiú go díreach ag ARI. Sháraigh luach an díolacháin bhliantúil sna siopaí sin €100 milliún den chéad uair riamh. Bhí méadú 12% ann anuraidh ar mheánchaiteachas paisinéirí ag siopaí in Éirinn atá á n-oibriú go díreach ag ARI.
Ba faoi 19% go €22 milliún a mhéadaigh an brabús a tháinig as oibríochtaí miondíola eachtracha agus as infheistíochtaí eachtracha ARI le linn na bliana. Chomh maith leis sin, bhain formhór na láithreacha de chuid ARI méaduithe dédhigiteacha amach sa díolachán sa bhliain 2015 agus bhí méadú 19% ann ar láimhdeachas bainistithe iomlán ARI. Ba faoi 3% go 22.5 milliún duine a mhéadaigh an líon paisinéirí ag Aerfort Dí¼sseldorf, rud a bhfuil leas 20% ag ARI ann.
Bhuaigh ARI conarthaí móra nua anuraidh chun asraonta saor ó dhleacht a oibriú ag Aerfort Auckland agus ag Aerfort Abú Daibí agus, níos luaithe i mbliana, d’éirigh leis a lamháltas a choinneáil ag Aerfort Idirnáisiúnta Muscat in Óman. “A bhuí leis an tsárthaithí mhiondíola a léirigh ARI ag Teirminéal 1 Aerfort Bhaile Átha Cliath, bhí sé in ann conarthaí tábhachtacha a bhuachan agus a choinneáil,” de réir an Uas. Toland.
Trína ghéag idirnáisiúnta, d’éirigh le daa mórchonradh ar fiú na milliúin euro é a bhuachan le déanaí freisin chun críochfort intíre nua a oibriú ag Aerfort Idirnáisiúnta an Rí Khalid in Riyadh, an Araib Shádach. Déanfar an críochfort nua, a bheidh in ann freastal ar suas le 12 mhilliún paisinéir in aghaidh na bliana, a oscailt ar bhonn céimnithe i mbliana.