Méadú chuig €40M tagtha ar bhrabús daa de bharr ardú ar Lí­on na bPaisinéirí­

April 30, 2015

Tháinig méadú 41% ar bhrabús iarchánach oibreoir aerfoirt daa anuraidh go dtí­ €40 milliún, de bharr méadú ar lí­on na bpaisinéirí­ agus ar an ioncam tráchtála, agus rinne a ghnó miondí­ola thar lear go maith i margaí­ a bhfuiltear ag leanúint leo.

Tháinig méadú 13% ar láimhdeachas úabác go dtí­ €564 milliún, le cabhair ó ioncaim ní­os airde ó mhuirir aerloingseoireachta agus ó ioncam ní­os airde ó ghní­omhaí­ochtaí­ tráchtála in Éirinn agus thar lear. Tháinig méadú 13% ar thuilleamh roimh ús, cánachas, dí­mheas agus amúchadh, go dtí­ €182 milliún anuraidh.

Nuair a chuirtear nithe eisceachtúla san áireamh, tháinig laghdú 50% ar bhrabús iarchánach go dtí­ €19 milliún in 2014. Tharla an laghdú mar thoradh ar thionchar mhuirear eisceachtúil €21 milliún a bhain i bpáirt le hinfheistí­ocht €72 milliún a rinneadh chun ceist na bpinsean ag an gcuideachta a réiteach, a bhí­ gan réiteach le fada.

“Rinne daa dul chun cinn maith in 2014,” dar leis an bPrí­omhfheidhmeannach, Kevin Toland. “Ba í­ sin an bhliain ab airde fás ar lí­on na bpaisinéirí­ ó 2007 agus bhí­ feidhmí­ocht láidir ag ár ngnólacht miondí­ola taistil idirnáisiunta ARI i margaí­ a bhfuiltear ag leanúint leo.”

Tháinig méadú 6% ar dhí­olacháin miondí­ola iomlána in Aerfort Bhaile Átha Cliath agus in Aerfort Chorcaí­ go dtí­ €227 milliún anuraidh mar gheall gur fhan an meánmhéid airgid arna chaitheamh ag paisinéirí­ mar a bhí­ an bhliain roimhe, d’ainneoin na héifeachta a bhí­ ag uasghrádú ollmhór ar an limistéar miondí­ola i gCrí­ochfort 1, Aerfort Bhaile Átha Cliath. Osclaí­odh an chéad chéim den tionscadal seo i mí­ an Mhárta agus tá trádáil mhaith ar siúl ann.

Lean daa ar aghaidh ag laghdú a chuid fiachas le linn na bliana, agus tháinig laghdú €14 milliún ar an nglanfhiachas go dtí­ €600 milliún. Ó bhí­ 2010 ann, tá a fhiachas laghdaithe ag an nGrúpa faoi €164 milliún. Tháinig méadú 13% ar chostais oibriúcháin go dtí­ €282 milliún, mar thoradh go prí­omha ar an tionchar ó cheannachán thar lear. Tháinig méadú 4% ar chostais ag daa, agus tháinig méadú 6% ar lí­on na bpaisinéirí­ ag aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí­ go dtí­ 23.9 milliún anuraidh.

Tháinig méadú 8% ar lí­on na bpaisinéirí­ ag aerfort Bhaile Átha Cliath go dtí­ 21.7 milliún anuraidh, agus taifeadadh fás i ngach prí­omh-earnáil den mhargadh. Cuireadh fáilte roimh 1.5 milliún paisinéir breise anuraidh, an lí­on ab airde riamh de phaisinéirí­ trasatlantacha agus paisinéirí­ le haghaidh gnó aistrithe. Bhí­ an trácht cianaistir 14% ní­os airde agus tháinig méadú 37% ar lí­on na bpaisinéirí­ aistrithe go dtí­ 749,000 anuraidh, an lí­on ab airde riamh.

Tháinig méadú 14% ar thrácht trasatlantach Bhaile Átha Cliath go dtí­ 2.1 milliún paisinéir – an lí­on ab airde riamh. Sin fás 42% le ceithre bliana anuas. Ciallaí­onn an méadú mór ar eitiltí­ go Meiriceá Thuaidh go mbeidh Baile Átha Cliath ar an séú haerfort is mó san Eoraip an samhradh seo amach romhainn maidir le nascacht thrasatlantach. Ní­ bheidh ní­os mó eitiltí­ chuig na Stáit Aontaithe agus Ceanada ag aon aerfort eile ach amháin moil Heathrow, Schiphol Amstardam, Paris CDG, Maidrid agus Frankfurt.

“Is imreoir suntasach sa mhargadh trasatlantach san Eoraip anois é Aerfort Bhaile Átha Cliath a chuirfidh 328 eitilt a bhaineann le Meirceá Thuaidh ar fáil in aghaidh na seachtaine an samhradh seo chuig 15 cheann scrí­be éagsúil agus uathu,” dar leis an Uasal Toland. “Creidimid go bhfuil deis ann fós an gnó seo a fhás tuilleadh, rud a chuirfidh breis nascachta ar fáil dár gcuid custaiméirí­ agus a mhéadóidh an trácht aistrithe ag Baile Átha Cliath.”

Ba é margadh na Breataine a sholáthair an fás ba mhó i dtéarmaí­ méid in Aerfort Bhaile Átha Cliath anuraidh, nuair a tháinig méadú 8% go dtí­ 7.8 milliún ar an lí­on paisinéirí­ ar eitiltí­ idir Baile Átha Cliath agus cinn scrí­be sa Bhreatain, agus 604,000 ní­os mó daoine ag taisteal. Tháinig méadú 5% ar lí­on na bpaisinéirí­ idir Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Mór-Roinn na hEorpa go dtí­ 11.1 milliún anuraidh agus tháinig méadú 19% ar an trácht idirnáisiúnta eile go dtí­ 643,000, an lí­on ab airde riamh. Tháinig méadú 19% ar an trácht chuig an Meánoirthear agus an Afraic Thuaidh go dtí­ 634,000, an lí­on ab airde riamh.

Beidh 21 seirbhí­s nua ag Aerfort Bhaile Átha Cliath i mbliana; 16 oibrí­ocht ghearraistir nua agus cúig bhealach cianaistir nua.

Tháinig laghdú 5% ar an trácht ag Aerfort Chorcaí­ anuraidh go dtí­ 2.1 milliún paisinéir, mar thoradh go prí­omha ar roinnt dá chuid prí­omhbhealaí­ Eorpacha á n-aistriú go hAerfort na Sionainne. Prí­omhchúram don chuideachta ná lí­on na bpaisinéirí­ ag Corcaigh a chobhsú agus a chur ag fás arí­s. Cuirfear fáilte roimh thrí­ sheirbhí­s nua ag Aerfort Chorcaí­ i mbliana, an dara haerfort is mó sa Stát.

De réir staidéar nua a rinne na sainchomhairleoirí­ eacnamaí­ochta InterVISTAS, cuirtear fostaí­ocht dhí­reach agus indí­reach ar fáil ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí­ do 48,000 post, agus tacaí­tear leis sin le 13,400 post eile i ngeilleagar na hÉireann.

Fuarthas amach trí­d an staidéar go dtugtar tacaí­ocht agus éascú do 108,000 post agus go gcuirtear €7.6 billiún in aghaidh na bliana le hOlltáirgeacht Intí­re (GDP) na hÉireann nuair a chuirtear san áireamh na buntáistí­ ní­os leithne a chruthaí­tear de bharr na haernascachta a chuireann Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Chorcaí­ ar fáil i réimsí­ mar turasóireacht, trádáil agus infheistí­ocht dhí­reach eachtrach.

“Ní­ hamháin gurb iad na tairsí­ is mó chuig an Stát iad Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Chorcaí­, is eintitis ollmhóra iontu féin iad,” a dúirt an tUasal Toland. “Fuarthas amach trí­d an staidéar go n-éascaí­tear 97,400 post in Aerfort Bhaile Átha Cliath agus go bhfuil tionchar eacnamaí­ochta iomlán €6.9 billiún aige, arb ionann é agus 4% de GDP na hÉireann. Éascaí­tear agus tacaí­tear le 10,700 post in Aerfort Chorcaí­ agus is fiú 2.2% den gheilleagar réigiúnach é sin in iardheisceart na hÉireann.”

“Féachann roinnt tráchtairí­ ar ár gcuid aerfort mar ionadaithe le haghaidh thurasóireacht na hÉireann, ach tugann an tuarascáil seo soiléiriú ar an ról rí­thábhachtach atá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí­ i ngeilleagar iomlán na hÉireann,” a dúirt an tUasal Toland freisin.

Bhí­ tús láidir ag daa in 2015 maidir le paisinéirí­, agus méadú 15% ar lí­on iomlán na bpaisinéirí­ go dtí­ seo i mbliana. Go dtí­ seo i mbliana, tháinig méadú 17% ar lí­on na bpaisinéirí­ i mBaile Átha Cliath go dtí­ 6 mhilliún, ach i gCorcaigh, tháinig laghdú 5% ar lí­on na bpaisinéirí­ go dtí­ 490,000.

Bhí­ feidhmí­ocht mhaith ag rannóg thar lear de ghnólacht miondí­ola taistil daa, ARI, in 2014, le méadú 10% ar dhí­olacháin ag suí­mh a bhfuiltear ag leanúint leo. Tháinig laghdú ar bhrabús ARI ó €29 milliún go dtí­ €18 milliún bliain ar bhliain, mar gur bhain sé leas in 2013 as tionchar aon-uaire a chuid oibrí­ochtaí­ sa Rúis agus san Úcráin a dhí­ol. Tháinig méadú 50% ar bhrabús comhionann shuí­mh idirnáisiúnta ARI go dtí­ €18 milliún anuraidh.

Le linn na bliana, fuair ARI smacht iomlán ar CTC-ARI, a fheidhmí­onn asraonta saor ó dhleacht sa Chipir, i mbeart arbh fhiú €55 milliún é. Tháinig méadú 3% ar lí­on na bpaisinéirí­ ag Aerfort Dí¼sseldorf, ar le ARI 20% de, go dtí­ 21.8 milliún anuraidh, an lí­on ab airde riamh.

Rinneadh dul chun cinn suntasach le linn na bliana ar na saincheisteanna a raibh tionchar acu le fada an lá ar an scéim pinsin IASS ilfhostóra. Chuir an tIontaobhaí­ stop leis an scéim, a chuimsigh fostaithe ó daa, Aer Lingus, agus SRT, ag deireadh na bliana seo caite.

Thug daa scéim pinsin ranní­ocaí­ochtaí­ sainithe nua isteach i mí­ Eanáir agus le seachtainí­ beaga anuas vótáil na baill foirne glacadh le tairiscint pinsin na cuideachta.

“Ceist thar a bheith casta agus deacair a bhí­ anseo le dul i ngleic léi, ach le tacaí­ocht agus rannpháirtí­ocht na bpáirtithe leasmhara, baineadh amach an toradh ab fhearr ab fhéidir agus cúinsí­ mar a bhí­,” a dúirt an tUasal Toland.
Tuilleadh eolais:
Paul O’Kane 353 1 814 1897, 353 86 609 0221
Siobhan O’Donnell 353 1 814 4108, 353 87 271 0065