Soláthraíonn daa Brabúis Níos Mó ná mar a bhí Riamh le Méadú i Líon na bPaisinéirí

April 30, 2019

    • Láimdeachas   €897m     +5%

 

    • TRÚCDA   €289m     +7%

 

    • Brabús tar éis cánach    €133m     +6%

 

  • Díbhinn   €40m     +7%

 

Mhéadaigh brabúis ag Grúpa daa faoi 6% go €133 milliún, níos mó ná mar a bhí riamh, anuraidh de réir mar a bhain an comhlacht, a bhfuil oibriúcháin aige i 13 tír, leas as líon paisinéirí níos airde agus ioncam tráchtála méadaithe.

Léirigh torthaí daa le haghaidh 2018 go raibh bliain dhearfach eile an nGrúpa a fheidhmíonn aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí an miondíoltóir taistil domhanda ARI agus daa Idirnáisiúnta.

Mhéadaigh líon iomlán na bpaisinéirí d’aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí faoi  6% go 33.9 milliún anuraidh, suim níos mó ná mar a bhí riamh. Bhí a ochtú bliain as  a chéile d’fhás paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus bhí trácht mhéadaithe don triú bliain as a chéile ag Aerfort Chorcaí.

Mhéadaigh láimhdeachas intíre níos tapiúla ná an gnó thar lear, a chuimsíonn oibriúchán miondíoltóra taisitil domhanda an ARI, infheistíochtaí in aerfoirt ins An Chipir agus sa Ghearmáin agus bainistíocht aerfort an daa thar lear agus fochuideacht chomhairleach.

“Bhí bliain mhaith ag an daa i 2018, le feabhas tagtha ar ár bpríomhmhéadracht airgeadais agus paisinéara,” a dúirt an Príomhfheidhmeannach Dalton Philips. “D’fháiltigh Aerfort Bhaile Átha Cliath roimh líon paisinéirí níos ná mar a bhí riamh, Tháinig breis feabhais ar thrácht Aerfort Chorcaí, agus rinneamar dul chun cinn suntasach maidir lenár bpleananna maidir le Rúidbhealach Tuaisceartach agus infrastruchtú ríthábhachtach eile atá riachtanach ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a sheachadadh. Lean an Grúpa ag leathnú nascacht ag an dá aerfort is mó sa Stát, rud atá riachtanach chun deis a thabhairt d’eacnamaíocht na hÉireann fás ina dhiaidh na Breatimeachta.”

Mhéadaigh láimhdeachas faoi 5% go €897 milliún, le fás maith i ngníomhaíochtaí tráchtála, ioncam aerloingseoireachta, agus díolacháin mhéadaithe ag gnóanna idirnáisiúnta an Ghrúpa.

Mhéadaigh tuillimh roimh ús, cánach, dímheas agus amúchadh (TRÚCDA) faoi 7% go €298 milliún don bhliain.

Mhéadaigh costais oibriúcháin faoi 4% go €426 milliún, de réir mar a d’earcaigh daa beagnach 190 ball foirne breise ag a n-aerfoirt Éireannacha agus a ngnóanna thar lear.

Laghdaíodh fiachas glan arís le linn na bliana, ag laghdú faoi 18% (€100 milliún) go €441 milliún. Tá rannann de €40 milliún le híoc ag daa leis an Stát le haghaidh 2018, a thugann a íocaíoíochtaí rannainne iomlána go dtí €125 milliún sna ceithre bliana atá imithe tharainn.

Mhéadaigh líon na bpaisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi 6% go 31.5 milliún, líon níos mó na mar a bhí ann riamh, anuraidh, de réir mar a d’fhreastail an t-aerfort ar 1.9 milliún paisinéir sa bhreis. Chuir Aerfort Bhaile Átha Cliath fáilte roimh 16 seirbhísí nua agus sé aerlíne nua i 2018 agus bhí breis acmhainne ar   22 seirbhísí a bhí ann cheana féin.

Mhéadaigh líon na bpaisinéirí ar nasceitilt faoi 18% go 2.1 milliún, de réir mar a lean Aerfort Bhaile Átha Cliath ag leathnú a róil mar bhearna gheata lárnach idir an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh. Chuir 29.4 milliún paisinéir tús nó deireadh lena n-aistear ag Baile Átha Cliath anuraidh.

Mhéadaigh líon na bpaisinéirí ag Aerfort Chorcaí faoi beagnach 4% go 2.4 milliún anuraidh. Mhéadaigh Corcaigh, atá ar an dara aerfort is mó sa tír a trácht paisinéara faoi 16% sna trí bhliain dheireanacha. Tugadh isteach trí bhealach nua ag Corcaigh anuraidh, agus bhí leathnú acmhainní ar 14 seirbhísí a bhí ann cheana féin.

Tá píblíne láidir de sheirbhísí nua agus forbartha ag an dá aerfort don bhliain seo agus tá tús dearfach curtha acu le 2019. Tá líon na bpaisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath méadaithe faoi 7% go dtí seo i mbliana agus tá méadú de 11% ar líon na bpaisinéirí i gCorcaigh.

Beidh 23 bealach nua ag Aerfort Bhaile Átha Cliath an samhradh seo a chuimsíonn seirbhísí cianaistir nua go Ceanada, an tSín agus na Stáit Aontaithe. Tá seacht mbealach nua ag Aerfort Chorcaí i mbliana agus breis acmhainne ar ocht seirbhísí atá ann cheana féin.

Ba cheart go dtabharfadh na bealaí nua ag aerfoirt Éireannacha tús áite d’fhás paisinéara leantach i mbliana. Dúirt an tUasal Philips áfach go raibh an Grúpa fós aireach, mar go bhfuil dúshláin fhéideartha sa todchaí.

Áirítear leo seo coinníollacha pleanála rúidbhealaigh a réiteach agus na háiseanna nua atá ag teastáil chun an t-éileamh méadaitheach a shásamh a chur i gcrích, rud a chumasódh Aerfort Bhaile Átha Cliath a acmhainn a fhás go 40 milliún paisinéir in aghaidh na bliana. Sa chomhthéacs seo, tá sé ríthábhachtach go gcumasaíonn An Coimisiún um Rialáil Eitlíochta, a leagann amach taillí aerfoirt ag Baile Átha Cliath, an clár infheistíochta atá riachtanach. “Teasataíonn infhestíocht in áiseanna nua ag Aerfort Átha Cliath ónár gcustaiméirí aerlíne agus ár bpaisinéirí agus tá siad de dhíth ag eacnamaíocht na hÉireann”, dar leis an Uasal Philips. Tá rioscaí ar an taobh thíos san earnáil eitlíochta dhomhanda chomh maith, a dúirt sé.

Cé go bhfuil tógáil Rúidbhealach Tuaisceartach fós ag dul ar aghaidh, leanfaidh an daa lena n-iarrachtaí chun leasú a fháil ar dhá choinníoll dochraideacha a thiocfaidh i bhfeidhm nuair atá an rúidbhealach nua tógtha. Ciallaíonn na coinníollacha go mbeadh i bhfad níos lú eitiltí idir 11i.n. agus 7r.n. le dhá rúidbhealach ná mar atá aige anois le ceann amháin.

Chaillfí suas go trí mhilliún paisinéirí atá ann faoi láthair a luaithe is a chuirfí na coinníollacha i bhfeidhm, a dúirt an tUasal Philips. “Laghdófaí acmhainn Bhaile Átha Cliath faoi breis agus leath le linn na tréimhse is gnóthaí sa lá, is é sin idir 6r.n. agus 7r.n. Ní raibh sé mar phlean againn riamh a lán eitiltí sa bhreis a bheith ann i lár na hoíche, ach chuirfeadh na coinníollacha seo isteach go tromchúiseach ar na tréimhsí lae is gnóthaí san aerfort agus bheadh tionchar fíordhiúltach acu ar eacnamaíocht uile na hÉireann sna blianta atá amach romhainn.”

Tá ceapachán Chomhairle Contae Fhine Gall mar rialtóir torainn neamhspleách nua d’Aerfort Bhaile Átha Cliath á phróiseáil tríd an Oireachtas faoi láthair agus is é an rialtóir nua a dhéanfaidh an cinneadh deireanach faoin saincheist. “Tá cothromaíocht le sroichint idir riachtanais eacnamaíochta náisiúnta na hÉireann, ach go háirithe i gcomhthéacs domhain níos éiginnte tar éis na Breatimeachta agus tionchar fhorbairt an rúidbhealaigh ar phobail áitiúla a lagdhú,” dar leis an Uasal Philips.

Rinne ARI, an rannóg idirnáisiúnta de ghnó miondíoltóra taistil an daa, brabúis de €13 milliún tar éis cánach le linn na bliana. Feidhmíonn an ARI siopaí i Meiriceá Thuaidh, an Eoraip, an Meánoirthear, agus i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise agus tá bun ar fiú 20% ag an daa in Aerfort Düsseldorf maraon le bun 11% an Ghrúpa in Aerfoirt Hermes ins An Chipir.

Laghdaigh brabúis ag ARI de bharr táillí lamháltais níos airde tar éis athnuachaintí  conartha le déanaí agus tionchar chlár athstruchtúraithe ag a aerfoirt Chipireacha. Shínigh ARI socrúcháin chun dul isteach i margaí nua san Indinéis agus san Araib Shádach i 2018 agus feidhmóidh sé siopaí ag Críochfort Lár an Rúidbhealaigh nua ag Abú Daibí nuair a osclóidh sé i ndeireadh 2019.

Thit líon na bpasinéirí ag Aerfort Düsseldorf faoi 1% go 24.3 milliún anuraidh mar thoradh ar theip Air Berlin i 2017 ach bhí fás arís ann i mbliana. Mhéadaigh trácht ag Aerfoirt Hermes, a fheidhmíonn aerfoirt Larnaca agus Paphos, faoi 7% go 10.9 milliún.

Bhí bliain d’fhás pasinéirí láidir ag Críochfort 5 ag King Khalid Idirnáisiúnta i Riyadh, san Araib Shádach, atá feidhmithe ag daa Idirnáisiúnta (daaI). Mhéadaigh trácht faoi 13% go 14.7 milliún sa Chríochfort, atá i bhfeighil ar eitiltí intíre. Shínigh daaI socrúchán le déanaí chun comhairle a thabhairt ar fheidhmíocht agus forbairt dhá aerfort réigiúnacha sna hOileáin Fhilipíneacha.

Pictiúr: (ón lámh chlé) Príomhoifigeach Airgeadais an Ghrúpa Ray Gray agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin daa Dalton Philips ag seoladh Tuarascáil Bhliantúil 2018 an Chomhlachta