Seolann daa An Scéim Teanga Uaidh

January 16, 2017


Seolann daa an dara Scéim Teanga uaidh an tseachtain seo.

Seolann daa an dara scéim teanga uaidh an tseachtain seo. Leis an scéim, leanfaidh an chuideachta le próifí­l na Gaeilge a chur chun cinn tuilleadh trí­ leibhéil fheabhsaithe faisnéise agus seirbhí­sí­ i nGaeilge a chur ar fáil do chustaiméirí­ agus do bhaill foirne.

Dheimhnigh an tAire Ealaí­on, Oidhreachta, Gnóthaí­ Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an Scéim seo, a ullmhaí­odh de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tiocfaidh an Scéim i bhfeidhm an 16 Eanáir 2017 agus fanfaidh sí­ i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí­ bliana nó go dtí­ go bhfuil scéim nua deimhnithe, cibé acu is déanaí­.

Áirí­tear leis na seirbhí­sí­ feabhsaithe faisnéis ábhartha a chur ar fáil i nGaeilge ar ár suí­omhanna Gréasáin agus preaseisiúintí­ dátheangacha a eisiúint nuair is cuí­.

Ba mhaith le daa buí­ochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt in ullmhú na scéime agus as na haighneachtaí­ a fuarthas trí­d an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí­.

Is féidir amharc ar an Scéim Teanga iomlán ó daa anseo.